Tá an obair dheonach as Gaeilge beo beathach agus cuireann sí go mór le saol bríomhar atá ag an nGaeilge faoi láthair.
Tugann Bliain Idirnáisiúnta na hOibre Deonaí 2026 (IVY 2026) cuireadh dúinn ceiliúradh a dhéanamh ar thíolacthaí iontacha na n-oibrithe deonacha i ngach áit agus aitheantas a thabhairt dóibh. Is deis é seo chun aird a tharraingt, comhrá a spreagadh, agus níos mó daoine arís a spreagadh chun páirt a ghlacadh.
Gach lá, glacann na milliúin daoine ar fud an domhain gníomh — mór is beag — chun saol níos fearr a chruthú do dhaoine eile agus dá gcomhphobail. Cibé acu atá i gceist; ag déanamh meantóireachta ar dhaoine óga, ag tacú le hiarrachtaí sláinte áitiúla, nó ag freagairt éigeandálaí, spreagann oibrithe deonacha athrú fiúntach i bpobail. Trína ngníomhartha, is fórsa iad oibrithe deonacha chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach — ag nascadh daoine, ag neartú athléimneachta, agus ag cruthú tionchair a mhairfidh.
Tá 2026 fógartha ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe mar Bhliain Idirnáisiúnta na hOibre Deonaí don Fhorbairt Inbhuanaithe (IVY), chun obair dheonach a chur chun cinn agus a aithint mar fhórsa tábhachtach ar son forbartha inbhuanaithe.
Is croílár na forbartha inbhuanaithe í an obair dheonach
Léiríonn ainmniú 2026 mar Bhliain Idirnáisiúnta na hOibre Deonaí an ról ríthábhachtach atá ag oibrithe deonacha chun spriocanna domhanda a chur chun cinn. Nuair a spreagann an obair dheonach daoine le teacht le chéile agus gníomhú mar phobal, cuidíonn sí go fiúntach le hiarrachtaí daonnachtacha agus le forbairt fhadtéarmach.
Tá ról ag gach duine i mBliain Idirnáisiúnta na hOibre Deonaí 2026
Glaoitear ar rialtais, ar eintitis na Náisiún Aontaithe, ar eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta eile, ar acadamh, ar tsochaí shibhialta agus ar earnáil phríobháideach páirt ghníomhach a ghlacadh sa bhliain.
Tá ról acu luach na n-oibrithe deonach a aithint agus obair dheonach a chomhtháthú i mbeartais agus i bpleananna. Ina theannta sin, tá sé tábhachtach timpeallachtaí oibre deonaí sábháilte agus cothroma a chinntiú, roinnt eolais a chur chun cinn, agus cineálacha nua oibre deonaí a fhorbairt.
Tá sé ríthábhachtach luach an -n-oibrithe deonach a h-aithint
Tá gá le cion na n-oibrithe deonach uile a aithint agus a thomhas, cibé acu atá siad mar chuid d’eagraíocht nó ag cabhrú ar bhealach neamhfhoirmiúil.
Neartaíonn Bliain Idirnáisiúnta na hOibre Deonaí 2026 an nasc idir obair dheonach agus dul chun cinn domhanda.
Is í an aidhm atá leis ná tuiscint dhomhanda ar an obair dheonach a dhoimhniú trí thaighde, trí roinnt faisnéise, agus trí oideachas, agus dul i ngleic leis na dúshláin nua a bhaineann le cineálacha nua oibre deonaigh.
—
Volunteering as Gaeilge is alive and well and contributes to the vibrant life that Gaeilge is having.
International Volunteer Year 2026 (IVY 2026) invites us to celebrate and recognise the incredible contributions of volunteers everywhere. It’s a moment to raise awareness, spark conversations, and inspire even more people to get involved.
Every day, millions of people around the world take action – big and small – to make life better for others and for their communities. Whether it’s mentoring youth, supporting local health efforts, or responding to emergencies, volunteers drive meaningful change in communities. Through their actions, volunteers become a force for achieving the Sustainable Development Goals – connecting people, strengthening resilience, and creating lasting impact.
The United Nations General Assembly has proclaimed 2026 as the International Year of Volunteers for Sustainable Development (IVY), promoting and recognizing volunteerism as a significant force for sustainable development.
Volunteerism is a driving force for sustainable development
The designation of 2026 as the International Volunteer Year underscores the vital role volunteers play in advancing the global goals. By fostering community engagement and collective action, volunteering contributes meaningfully to humanitarian efforts and long-term development.
Everyone has a role to play in the International Volunteer Year 2026
Governments, UN entities, other regional and international organizations, academia, and civil society and private sector are invited (called upon) to actively participate in the year,
They have a part in recognizing the value of volunteers, integrating volunteering into policies and plans, ensuring safe and fair volunteering environments, and promoting knowledge-sharing to develop new forms of volunteering.
Valuing volunteers is vital
There is a need to recognize and measure the contribution of all volunteers, whether they’re part of an organization or helping informally.
The International Volunteer Year 2026 strengthens the connection between volunteering and global progress.
It aims to deepen global understanding of volunteerism through research, information-sharing, and education and to address emerging challenges that new models of volunteering are facing.